Access Keys:

 
 
Gaelscoil Bharra Ascal an Fhasaigh, Dublin

An Chróit - Croatia

18th Nov 2021

An Chróit agus chósta na Dalmáite

Bhí ár gcuid málaí ar ár ndroimeanna againn agus ticéadaí I nár lámha agus ar shiúil linn Ó Chabrach go chósta an Dalmáite. Bhí again le eitilt a fháil ó Bhaile Átha Cliath go Zagreb agus Zagreb go dtí Split.

Cha raibh am ar bith again le bheith ag clabhstráil thart. Rith muid chomh gásta agus  a d’iomparódh ár gcuig gcosa muid a fhád leis an chéad eitil a thabharfadh muid síos fhad le Split.

D’oscail doirse an eiteallán agus amach linn. Bhí clap sholas ag druideadh orainn agus an óstan ag fannacht linn I mbaile beag darbh ainm Seget Donji a luí ar an chósta ar an taobh thuaidh de Split.

Bhí rud inteacht leagtha amach fa nár gcoinne achan mhaidin agus achan tráthnóna. Chonaic muid na báilte a ba déise agus iad uilig na luí idir na cnoic mhóra arda liath agus an fharriage ghorm ciúin –

Seget Donji, Trogir, Neum baile beag I mBoisnia agus síos linn go dtí ballaí arda buíthe Dubrovnick.

Fuair muid neart ama le súil a chaitheadh thar ar na báilte aosta ársa seotha. D’ith muid bia dheas cóis fharraige agus muid ag glacadh sós beag ó ná siúlóidí dheasa a bhí a dhéanamh againn.

Rinne muid cáirde mhaithe úra le linn an tseachtain a bhí muid imithe. Chuir ár bpáistí ceolchoirm beag ar siúl oíche amháin na dhiaidh am dinnéara. Bhí ceo ar ár gcluasa ag éisteach leo. Stap an caint agus thug achan duine cluas éisteachta dár gceoilteoirí.

Bhí achan duine chomh tógtha len cheol gur iarr said ar ár bpaistí na húirlisí a bhí leo a thaispeáint daofa. Cha raibh I bhfad ann go raibh said ag tarraint trup neamh shaolta as an bhosca ceoil agus an fhidíl! D’iarr said cúpla coiscéim de dhamhsa shean nóis a dhéanamh.

Radharc galánta a fheiceál, glúin eile ag iompar ár gcultúr ar aghaidh agus iad I bhfad I gcéin ar chósta na Dalmáite. Ach mar a deireann an sean fhocal “Sciúrdann éan as gach h-alt”.